Tá cinneadh déanta ag Rialtas na Breataine tráthnóna gan fiosrúchán poiblí a bhunú maidir le dúnmharú an dlíodóra Pat Finucane ó Bhéal Feirste.

Dúirt Státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis agus é ag caint i Westminster go raibh an cinneadh curtha in iúl aige do theaghlach Pat Finucane. 

Deir dlídóir an teaghlaigh gur masla atá sa chinneadh.

Ina theach i dtuaisceart Bhéal Feirste a dhúnmharaigh pairimílitigh dílseacha an UDA Pat Finucane a bhí 39 bliain d'aois ar an 12ú Feabhra 1989. Scaoil siad é ceithre huaire déag os comhair a mhná céile agus a triúr páistí óga. Gortaíodh a bhean Geraldine san ionsaí chomh maith.

D’aontaigh Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann i gcainteanna Weston Park go mbeadh fiosrúchán poiblí ann maidir le dúnmharú an dlíodóra agus tá tacaíocht á thabhairt ag Rialtas na hÉireann do sin ó shin.

Léirigh tuarascáil de Silva i 2012 léibhéalacha dochreidte comhcheilge idir Stát na Breataine agus na pairimílitigh.

Ghabh Príomhaire na Breataine ag an am leithscéal poiblí ach diúltaíodh fiosrúchán poiblí a bhunú.

Bua stairiúíl a thug Geraldine Finucane ar rialú Chúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe anuraidh a dúirt nár chomhlíon Rialtas na Breataine a ndualgaisí chun fiosrúchán éifeachtach a bhunú maidir le dúnmharú Pat Finucane ach dúirt gur faoi Rialtas na Breataine a bheadh sé cinneadh a dhéanamh faoi cén sort fiosrúchán a bhunófaí.