Deir an comhlacht Moderna go bhfuil siad le hiarratas a dhéanamh ar chead éigeandála chun go mbainfí úsáid as an vacsaín atá forbartha acu don ngalar Covid-19 sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip. 

Táthar chun é seo a dhéanamh bunaithe ar na torthaí iomlán ón staidéar is déanaí a léiríonn go bhfuil an vacsaín 94.1% éifeachtach agus gan aon imní thromchúiseach ann maidir le sabháilteacht na vacsaíne. 

Tuairíscíonn Moderna go bhfuil ráta ratha 100% ag an vacsaín i dtaobh stop a chur le cásanna tromchúiseacha de Covid-19 i ndaoine.

Meastar go mbeidh Moderna ar an dara vacsaín a bhfaghfaidh cead éigeandála sna Stáit Aontaithe i mbliana. 

Leanann fógra Moderna, fógra Pfizer agus BioNTech, go bhfuil an vacsaín atá acu siúd 95% éifeachtach. 

Tá iarratas déanta ag Pfizer cheana féin ar chead éigeandála chun go mbainfí úsáid as a vacsaín, iad seachtain chun tosaigh ar iarratas Moderna.