Tá fear a tugadh os comhair na cúirte i mBaile Átha Cliath inniu cúisithe i ndúnmharú triúir i mBaile Átha Cliath.
Chualthas sa chúirt dúiche i nDún Laoghaire inniu nach ndúirt an té a bhfuil na dúnmharaithe curtha ina leith agus atá sna tríochaidí aon ní nuair a cúisíodh é.
Dúradh sa chúirt go bhfuil srianta tuairisceoireachta i bhfeidhm chun nach féidir an té atá cúisithe ná na híospartaigh a aithint.
Cuireadh an fear atá cúisithe siar faoi choinneáil agus tiocfaidh sé os comhair Chúirt Dúiche na Seamar Déardaoin.