Tá cainteanna in iarracht teacht ar mhargadh trádála Breatimeachta ag leanúint ar aghaidh inniu. D'fhéadfadh sé gurb í seo an tseachtain dheireannach do chainteanna a bheidh ann. 

Tá cainteanna ar bun arís i Londain idir phríomh-idirbheartaí an Aontais Eorpaigh, Michel Barnier agus David Frost na Ríochta Aontaithe.

Níl ach mí fágtha go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse ach tá easaontas fós ann maidir le cearta iascaireachta agus polasaí iomaíochta.