Tá tascfhórsa vacsaíne an Rialtais ag teacht le chéile inniu don dara babhta agus pleananna fós á bplé maidir le vacsaín do Covid-19 a leathadh amach ar fud na tíre céim ar chéim.

Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly gur caolsheans go mbeidh clár vacsaíne ar fáil i mbliana ach go bhféadfadh sé tarlú go luath sa bhliain nua. 

Amárach a thosnófar ag maolú srianta Leibhéal 5 a bhí i bhfeidhm sa tír le 6 seachtainí anuas.  

Tá pleanáil agus ullmhúcháin maidir le vacsaín do Covid-19 fós ar bun agus táthar ag féachaint ar conas mar a oibreodh clár imdhíonta in Éirinn.

Tá sé geallta ag an dtascfhórsa go gcuirfidh siad stráitéis iomlán vacsaínithe agus feidhmithe faoi bhráid an Rialtais faoin 11ú Nollaig.