Tugadh fear 44 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche an Chaisleáin Riabhaigh i gCo Ros Comáin inniu agus dúnmharú breithe báis curtha ina leith.

Tá Stephen Silver as Achadh an Bhaird, Ceathrú na Líne, Co Mhaigh Eo, cúisithe cheana féin i ndúmharú bleachtaire sa Gharda Síochána i dtús an tsamhraidh agus is cúis bhreise maidir leis an gcás céanna a cuireadh ina leith inniu. 

Lámhachadh agus maraíodh an Garda Colm Horkan, a bhí 49 bliain d'aois, gar do stáisiún Gardaí an Chaisleáin Riabhaigh sa Mheitheamh. 

Bhí an Garda Horkan ar patról ina aonar ar an mbaile agus caitheadh é tar éis dó teacht amach as a charr le labhairt le fear ar ghluaisrothar. 

An Garda Colm Horkan

Cuireadh Stephen Silver siar faoi choinneáil agus tabharfar os comhair cúirte arís é Dé hAoine seo chugainn. 

Níor labhair sé i gcaitheamh na héisteachta inniu.