I gcúirt i mBéal Feirste, gearradh téarma príosúin 22 bliain ar Christopher Robinson, 50 bliain d'aois, faoi oifigeach príosúin a dhúnmharú os cionn ceithre bliana ó shin.

Bhásaigh Adrian Ismay, a bhí 52 bliain, de bharr ionsaí buamála i mBéal Feirste in 2016.

Phléasc buama a bhí fágtha faoina veain taobh amuigh dá theach cónaithe in oirthear na cathrach agus é á thiomáint. 

Bhain drochghortuithe dá chosa agus cé go raibh sé ag teacht chuige féin, bhásaigh sé de bharr taom croí aon lá dhéag i ndiaidh an ionsaithe. 

Dúirt an breitheamh sa chúirt inniu gur léir go raibh páirt mhór ag Christopher Robinson sa dúnmharú agus nach raibh aiféala ar bith air faoi. 

Mhaígh an grúpa, a dtugtar an tIRA Nua orthu, gurbh iad a bhí freagrach as an ionsaí.