Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Micheal McGrath nach raibh tada mícheart leis an gcaoi ar ceapadh Séamus Woulfe ina bhreitheamh Cúirte Uachtaraí agus nach gcreideann sé gur ceapachán polaitiúil a bhí ann.

Mar sin féin, a dúirt sé, teastaíonn leasú a dhéanamh ar an gcaoi a gceaptar breithiúna sa tír seo.

Ag labhairt di ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an Leas-Cheann Comhairle Catherine Connolly gur léir gur ceapachán polaitiúil a bhí ann ach go bhfuil a leithéid ceadaithe de réir an Bhunreachta.

Deimhníodh sa Dail inné, a dúirt sí, go raibh cúigear eile istigh an an bpost a tugadh do Shéamus Woulfe. 

Tá an freasúra ag cur i leith an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee ó Fhine Gael gur ceapachán de chuid an pháirtí sin a bhí ann. Tá an líomhain seo séanta ag an Aire.