Bronnadh gradam Leabhar Gaeilge na Bliana ar an gcnuasach gearrscéalta Cnámh le hEoghan Mac Giolla Bhríde ag mórghradaim litríochta An Post i mBaile Átha Cliath aréir.

Seo an tríú cnuasach gearrscéalta ó pheann Eoghain Mhic Giolla Bhríde - scríbhneoir, foilsitheoir agus aisteoir as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall.

Seacht ngearrscéal déag atá sa leabhar a cheistíonn an saol agus a thugann léargas ar lochtanna agus laigí an duine.

Deir Eoghan go bhfuil súil aige anois go mbeidh tóir ar an leabhar i measc léitheoirí nach gcloisfeadh tada faoi murach an gradam seo a bheith faighte aige.