D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil triúr eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 335 cás nua ann. 

Fágann sé seo go bhfuil 2,036 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 71,494 duine ó thús na paindéime. 

Tugadh le fios freisin go bhfuil 246 othar le Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 35 acu in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 119 de na 335 cás nua, tá 29 cás i gCill Chainnigh, 23 i Luimneach, 20 i nDún na nGall, 19 an ceann i gCorcaigh agus i dTiobraid Árann, agus tá an 106 cás eile roinnte idir naoi gcontae dhéag eile. 

Fógraíodh tráthnóna chomh maith go bhfuil ochtar eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 442 cás nua ann. 

Fágann sé go bhfuil 962 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh ón earrach agus go bhfuil sé tolgtha ag 51,118 duine ann.

Tá 431 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, 39 acu in aonaid dianchúraim.