Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee sa Dáil gur chuir oifigigh ar an eolas í faoi fholúntas sa Chúirt Uachtarach nuair a ceapadh ina haire í sa Mheitheamh. 

An mhí dar gcionn, a dúirt sí, a fuair sí amach ón mBord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúna go raibh suim ag roinnt breitheamh sa phost. 

Is gnách leis an Aire Dlí agus Cirt, a mhaígh sí, ainm amháin do phost sa Chúirt Uachtarach a chur faoi bhráid an Rialtais agus sin a rinne sí ina dhiaidh sin nuair a mhol sí Séamus Woulfe seachas aon duine eile. 

Dá mbeadh díospóireacht ag an Rialtas faoi na hiarrthóirí ar fad, a dúirt an tAire McEntee, dhéanfaí polaitiú iomlán ar an gceapachán. 

Dúirt sí, mar sin féin, gur ghlac sí leis nach bhfuil próiseas ceapacháin na mbreitheamh sa tír seo sásúil. 

D'fhiafraigh urlabhraí Shinn Féin Martin Kenny den Aire McEntee, áfach, cén fáth nár cuireadh ceannaire Fhianna Fáil, an Taoiseach Micheál Martin, ar an eolas faoi na hiarrthórí eile.

Is Aire Fhine Gael í Helen McEntee agus mhaígh Martin Kenny gur ceapachán de chuid an pháirtí sin ab ea Séamus Woulfe. 

Ag trácht dó ar a chuid taithí féin mar Aire Rialtais, dúirt Brendan Howlin ó Pháirtí an Lucht Oibre gur ghnás riamh é go bpléifeadh an Rialtas ar fad ceapachán breithimh don Chúirt Uachtarach agus nár faoin Aire Dlí agus Cirt amháin a bhí sé an té sin a roghnú agus a cheapadh.