Fuair oifigigh chustaim os cionn 5.5 milliún toitín ag Calafort Bhaile Átha Cliath inné. 

Bhí na toitíní i mboscaí a raibh lipéid bhréige orthu i leantóir a bhí tar éis teacht as Rotterdam san Ísiltír.

Ceaptar gurb as an Úcráin a tháinig an tobac ó thús agus go bhfuil luach thart ar €2.9 milliún ann. 

Tháinig lucht custaim ar na toitíní le cabhair óna madra brathadóra Kelly.