Tá an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí ag iarraidh ar an Rialtas a bheith stuama faoi shrianta Covid-19 a mhaolú. 

I litir chomhairleach a sheol an Fhoireann Éigeandála chuig an Rialtas  nó atá fós le seoladh acu - tuigtear go leagann siad amach an imní atá orthu faoi ghnóthais áirithe san earnáil fáilteachais a oscailt arís. 

Ní fios fós cén glacadh a bheas ag an Rialtas leis an gcomhairle seo. 

Faoi láthair, is cosúil go dtabharfar cead do bhialanna agus do roinnt tábhairne tábhairne oscailt arís ag tráth éigin an mhí seo chugainn. 

Phléigh an Fhoireann Éigeandála an fhaisnéis is deireanaí maidir le Covid-19 sa tír seo ag cruinniú a bhí acu inné.

Meastar go bhfógróidh an Rialtas ag am lóin amárach cé na srianta a mhaolófar idir seo agus an Nollaig.