Dúirt an tAire Coimirice Sóisialaí Heather Humphreys go mbeidh an chuid is mó den dream atá ag fáil na hÍocaíochta Dífhostaíochta Paindéime faoi láthair i dteideal bónais aimsir na Nollag fiú má fhilleann siad ar a gcuid oibre an tseachtain seo chugainn.
Gheobhaidh os cionn 1.6 milliún duine an bónas Nollag i mbliana, 311,000 duine atá ag fáil na híocaíochta paindéime ina measc.
Dúirt an tAire Humphreys nach bhfuil aon bhunús leis an gcaint nach n-íocfar an bónas Nollag le daoine má théann siad ar ais ag obair an tseachtain seo chugainn tráth a mhaolófar srianta Covid-19.
Meastar go mbeidh suas le 90,000 duine ag filleadh ar a gcuid oibre idir seo agus an Nollaig, 26,000 acu ón Luan seo chugainn.
Thart ar €483 milliún a chosnóidh an bónas Nollag i mbliana.