Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go bhfuil na cainteanna atá ar bun idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain faoi chúrsaí trádála thar a bheith achrannach faoi láthair.
Thug Simon Coveney le fios go bhfuil cúrsaí iomaíochta agus iascaireachta ina gcnámh spairne i gcónaí agus nach bhfuil mórán dul chun á dhéanamh ag na cainteanna.
Ar a shon sin, a dúirt sé, tá an dá thaobh meáite ar theacht ar réiteach mar gheall ar an dochar a dhéanfaí don Aontas agus don Bhreatain araon cheal margaidh.
Tuairiscítear go bhfuil gnóthais sa Bhreatain ag stoc-charnadh earraí sula dtiocfaidh feidhm le pointí custaim ó 1 Eanáir.
Tá imní ar lucht gnó thall go mbeidh costais bhreise orthu agus go mbeidh moill ar sheachadadh earraí de bharr na bpointí custaim.