Dúirt an Tanáiste Leo Varadkar go mbreathnóidh an Rialtas ar thaisteal trasteorann ag an gcruinniú a bheas acu amárach faoi shrianta Covid-19 a mhaolú i bhfianaise líon na gcásanna den ghalar sa Tuaisceart a bheith an-ard i gcónaí.

Ag labhairt dó ag cruinniú de pháirtí parlaiminte Fhine Gael aréir, dúirt Leo Varadkar go mb'fhéidir go gcomhairleodh an Rialtas do dhaoine gan taisteal ó thuaidh nuair a mhaolófar na srianta sa Phoblacht an tseachtain seo chugainn. 

Tá fochoiste Covid-19 an Rialtas leis an gcomhairle is deireanaí ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí a phlé inniu. 

Déanfar cinneadh faoi shrianta idir seo agus an athbhliain ag cruinniú Rialtais Dé hAoine. 

Is cosúil go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas srianta a mhaolú ar feadh coicíse i gcaitheamh na Nollag agus gan iad a chur i bhfeidhm arís ina dhiaidh sin mura dtiocfaidh ardú ar líon na gcásanna den choróinvíreas.

Dúirt Leo Varadkar inné gur siopaí miondíola, ionaid aclaíochta agus gruagairí is túisce a osclós arís an tseachtain seo chugainn.