Tá an t-imreoir sacair mór le rá Diego Maradona tar éis bháís in aois a thrí scór. Tuairiscítear gur bhásaigh sé de bharr taom croí ina theach cónaithe i bpríomhchathair na hAirgintíne, Buenos Aires.  

Imreoir den scoth ab ea Maradona agus bhí se ina chaptaen ar fhoireann náisiúnta na hAirgintíne nuair a bhuaigh siad Corn an Domhain i Meicsiceo i 1986. 

Áirítear ceann den dá chúl a fuair sé in aghaidh Shasana sa chomórtas sin ar cheann de na cúil is fearr a scóráileadh riamh sa sacar. 

Ag tosú ina leath féin den pháirc, rith sé 60 slat in imeacht deich soicind agus chuaigh sé thar chúigear céilí comhraic sular chuir sé an liathróid san eangach.   

Is lena láimh a scóráil sé an cúl eile sa chluiche sin, cé nach bhfaca an réiteoir é. "Lámh Dé," a dúirt Maradona a bhí ann ina dhiaidh sin. 

D'imir sé do Boca Juniors san Airgintín, agus do Barcelona agus Napoli san Eoraip. Is le Napoli is mó a bhí sé buach. 

Duine dáimhiúil a bhí ann ach bhí sé luaineach chomh maith. 

Cuireadh abhaile é ó chomórtas Chorn an Domhain sna Stáit Aontaithe i 1994 nuair a fuarthas amach go raibh an druga eifidrín tógtha aige. Druga é seo a chuireann le feidhmiú aclaíochta. 

Bhí neart fadhbanna sláinte ag Maradona agus bhí sé san ospidéal go minic le blianta beaga anuas. 

Cuireadh obráid inchinne air ag tús na míosa seo.