Dearbhaíodh tráthnóna go bhfuil seisear eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 269 cás nua ann. 

Fágann sé seo go bhfuil 2,033 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 71,187 duine ó thús na paindéime. 

Tugadh le fios freisin go bhfuil 260 othar le Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 36 acu in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 88 den 269 cás nua, tá 42 cás i gCorcaigh, 25 i Luimneach, 20 i Lú, 16 i nDún na nGall, agus tá an 78 cás eile roinnte idir 17 contae eile. 

Dearbhaíodh tráthnóna chomh maith go bhfuil seachtar eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 533 cás nua ann. 

Fágann sé go bhfuil 954 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh ón earrach agus go bhfuil sé tolgtha ag 50,676 duine ann.

Tá 443 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, 36 acu in aonaid dianchúraim.