Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee le ceisteanna a fhreagairt sa Dáil amárach faoi cheapachán Shéamuis Woulfe mar bhreitheamh Cúirte Uachtaraí.

Roimhe seo, dúirt an tAire nach bhfreagródh sí ceisteanna faoin gconspóid ach amháin dá gcuirfeadh Teachtaí Dála ón bhfreasúra i scríbhinn iad cúpla lá roimh ré. 

Bhí an freasúra thar a bheith míshásta leis an moladh seo, áfach, agus chuir siad i leith Helen McEntee go raibh sí ag iarraidh bac a chur ar obair na Dála.  

Inné, d'éirigh Teachtaí an fhreasúra as coiste gnó na Dála mar agóid in aghaidh mhodh oibre an Aire.

Dúirt urlabhraí Helen McEntee tráthnóna cé go bhfuil sí sásta na ceisteanna a fhreagairt sa Dáil amárach go bhfuil imní ar an Rialtas fós faoin iompar an fhreasúra. 

Baineann an chonspóid leis an gcaoi ar ceapadh Séamus Woulfe mar bhreitheamh Cúirte Uachtaraí i mí Iúil seo caite. 

Bhí suim léirithe roimhe sin ag roinnt breitheamh sa phost ach níor cuireadh Airí Rialtais ar an eolas faoina n-iarratais.