Tá Patricia Carrick a raibh ailse cheirbheacs uirthi ach nach ndearnadh an diagnóis cheart uirthi tar éis bháis. Bhí sí 51 bliain d'aois. 

An mhí seo caite, cheadaigh an Ard-Chúirt socrú cúitimh €2.75 milliún do Patricia Carrick tar éis di an dlí a chur ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ar lucht na saotharlainne leighis MedLab Pathology. 

Ghabh an Fheidhmeannacht agus an tsaotharlann araon a leithscéal léi faoin bhfaillí a rinneadh inti. Ghabh an Taoiseach Micheál Martin leithscéal léi freisin. 

Rinneadh ceithre cinn de thástálacha ailse ceirbheacs ar Patricia Carrick, as Órán Mór i nGaillimh, idir 2014 agus 2019 ach ní fhacthas aon mhínormáltacht in aon cheann acu. 

Cuig mhí i ndiaidh na tástála deireanaí in 2019, áfach, deimhníodh go raibh ailse uirthi. 

D'admhaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus MedLab Pathology go raibh na tástálacha a rinneadh uirthi roimhe sin faillíoch. 

Chuir an tUachtarán Michael D Higgins agus an Taoiseach a gcomhbhrón in iúl do theaghlach Patricia Carrick thar ceann an Stáit tráthnóna. 

Dúirt an tUachtarán gur bhean í a raibh an-mhisneach aici. 

Dúirt an feachtasóir aitheanta Vicky Phelan, a bhfuil ailse uirthi féin, go bhfuil an-trua aici d'fhear céile Patricia Carrick agus dá gceathrar clainne faoina mbris.