Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe go bhfuil síneadh ama á chur le scéim tacaíochta airgeadais do lucht gnó agus iad ag iarraidh bonn a chur arís faoina gcuid gnóthas ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh.
Faoin Scéim Tacaíochta Srianta Covid, is féidir le lucht gnó atá buailte go dona ag na srianta iarratas a dhéanamh ar íocaíocht suas le €5,000 sa tseachtain.
Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an tAire Donohoe go bhfuil síneadh ama á chur leis an scéim mar gheall ar na costais bhreise a bheas ar ghnóthais nuair a osclós siad arís an tseachtain seo chugainn.
Thug an tAire le fios freisin go mbeidh suas le €23 billiún faighte ar iasacht ag an Rialtas faoi dheireadh na bliana mar gheall ar an ngéarchéim sláinte.
Cé gur mór an méid é, a dúirt sé, tá na rátaí úis níos ísle ná a bhí riamh roimhe seo.