Tá sé ráite ag an Ionad Cearta Imirceach gur údar mór náire cúrsaí sláinte agus sábháilteachta i monarchana feola sa tír seo tar éis dóibh suirbhé a dhéanamh i measc daoine ón iasacht atá ag obair sa tionscal.

Labhair lucht an tsuirbhé le daoine ó bhreis agus fiche tír iasachta atá ag obair i monarchana feola i dtrí chontae dhéag.

Léiríonn an suirbhé, a deir siad, go bhfuil téarmaí agus coinníollacha oibre sa tionscal feola in Éirinn go dona agus go bhfuil an pá an-íseal.

Dúirt go leor de na hoibrithe go gcuireann siad lá an-fhada isteach agus nach gcuirtear an traenáil chuí orthu go minic.

Dúradh freisin go ngluaiseann an líne tháirgthe go róghasta i roinnt monarchana agus go gcuireann sé seo brú ollmhór ar na hoibrithe. 

Tá na líomhaintí seo séanta ag eagraíocht ionadaíochta na bhfostóirí a deir go gcuirtear na dlíthe fostaíochta i bhfeidhm ina n-iomláine i monarchana feola agus go ndéantar cigireacht orthu go minic.

Thart ar 16,000 duine atá ag obair sa tionscal feola sa tír seo.