Tá sé ráite ag Uachtarán tofa na Stát Aontaithe Joe Biden go bhfuil sé tábhachtach teorainn oscailte a choinneáil ar oileán na hÉireann tar éis don Bhreatain imeacht as an Aontas Eorpach.

Ag labhairt dó le RTÉ, thug Joe Biden le fios gur phléigh sé an cheist leis an Taoiseach Micheál Martin, le Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson agus le Rialtas na Fraince.

Dúirt sé nach raibh na Meiriceánaigh ag iarraidh go mbeadh fórsaí slándála ar dualgas arís ar an teorainn, go háirithe tar éis an oiread oibre a bheith déanta ag daoine le réiteach a fháil ar chás na hÉireann.

Ní bheadh sé ceart, a dúirt sé, an teorainn idir an Phoblacht agus an Tuaisceart a bheith dúnta arís.