Tuigtear go bhfuil an Rialtas ag cuimhneamh ar chead a thabhairt do suas le trí theaghlach teacht le chéile don Nollaig mar chuid de na treoirlínte sláinte poiblí atá á réiteach i gcomhair na féile.
Meastar go ndéanfaidh an Rialtas cinneadh arú amárach faoi shrianta Covid-19 i gcaitheamh na Nollag.
Cé go mbeidh cead ag daoine taisteal níos faide ná cúig chiliméadar ón tseachtain seo chugainn, is cosúil go mbeidh cosc i gcónaí ar dhaoine imeacht as a gcontae féin.
Tuigtear go maolófar an srian taistil sin idir 18 Nollaig agus 3 Eanáir.
Tá an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí ag teacht le chéile inniu leis an bhfaisnéis is deireanaí maidir le Covid-19 a phlé.
Beidh cruinniú amárach ag fochoiste Covid-19 an Rialtais agus déanfar cinneadh faoi shrianta idir seo agus an athbhliain ag cruinniú Rialtais Dé hAoine.