Tá sé fógartha trathnóna go bhfuil ochtar eile tar éis bháis leis an gcoróinvíreas sa Stát agus 330 cás nua atá deimhnithe le 24 uair an chloig anuas. 

Go dtí seo, 2,018 duine atá tar éis bháis sa Phoblacht mar gheall ar Covid-19 agus bhí 69,802 cás sa Stát go dtí seo. 

33 duine atá in aonaid dianchúraim na tíre le Covid-19 faoi láthair. 283 othar atá san ospidéal leis an víreas, 13 breise le 24 uair an chloig anuas. 

As na cásanna a deimhníodh inniu tá

  • 99 cás i mBaile Átha Cliath
  • 28 cás i gCorcaigh
  • 26 cás i gContae Lú
  • 25 cás i gContae na Mí
  • 21 cás i nDún na nGall
  • agus an chuid eile den 131 cás scaipithe ar fud 20 contae eile. 

Tá dian-chainteanna ar bun ag an Rialtas agus gan ach coicís fanta sula ndéanfar cinneadh faoi na srianta dian-ghlasála a mhaolú.

Tá na húdaráis sláinte ag impí ar dhaoine a bheith ag obair ón mbaile,  fanacht sa mbaile agus aird a thabhairt ar an gcomhairle sláinte poiblí in iarracht an uimhir R, ráta scaipithe an víris ísliú faoi bhun 0.5% .