Tá achainí déanta ar Chomhairle Chontae Luimní agus ar eagraíochtaí caomhnaithe stáit, teach cónaithe do dhuine do shliocht John F Kennedy a chaomhnú. Le deanaí a thángthas ar fhothrach an tí, as a tháinig sín sín seanmháthair John F Kennedy.

Tar éis na sceacha agus na crainn a bheith leagaithe nochtach fothrach tí a tógadh sna 1830idí.  

Anois tá sé déanta amach gur as seo a tháinig Mary Lenihan a phós Edmund Fitzgerald, na Gearaltaigh ba bhunús leis an F in ainm an Uachtaráin John F Kennedy.  

Bé an stairí aitiúil Declan Hehir a dhein an taighde a nocht stair an tí. 

Tá an t–eolas maidir le stair an tí agus sliocht an tí curtha ar fáil aige le laethanta anuas do chol ceathrar an Iar-Uachtaráin i Meiricéa. 

Phós Mary Lenihan, Edmund Fitzgerald ach cailleadh í go gairid tar éis dá h-iníon teacht ar an saol.

D'imigh a céile Edmund agus a hiníon Mary ar imirce go Meiriceá agus lean sliocht na nGearaltaigh ach go dtoghadh John Fitzgerald Kennedy mar an 35ú Uachtarán ar na Stáit Aontaithe.  

Anois tá achainní á dhéanamh ag an gcomhairle baile anseo go ndéanfaí an fothrach tí a chaomhnú. 

Dúirt Mark Nagle ón gcoiste gur seod luachmhar stair aitiúil na h-áite an fothrach tí agus nár cheart é ligean i léig ar fad.

Tá an fothrach in uinéireacht phríobháideach ach tá súil go ngníomhóidh na h-Údaráis chun a bhfuil fágaithe a chaomhnú mar chuid do cheangal staire na h-áite seo le hIar-Uachtarán Mheiriceá.