Reachtáladh comóradh speisialta i gColáiste an Chláirín, i gCo. na Gaillimhe inniu i gcuimhne na ndaoine ar fad a maraíodh 100 bliain ó shin ar Dhomhnach na Fola i mBleá Cliath.

Mar chuid den chomóradh tugadh chun cuimhne chomh maith na daoine ar fad ó na ceantair mórthimpeall ar Bhaile Átha an Rí a maraíodh in eachtraí eagsúla eile le linn chogadh na Saoirse. 

Beidh sé 100 bliain amárach ó tharla Domhnach na Fola, an lá a maraíodh 14 duine le linn chluiche idir Baile Átha Cliath agus Tiobaird Árann i bPáirc an Chrócaigh. 

Inniu theastaigh ó mhuinteoirí agus daltaí i gColáiste an Chláirín, i mBaile Átha an Rí comóradh speisialta a dhéanamh ní amháin ar na daoine a bhásaigh sa phríomhchathair 100 bliain ó shin ach ar na daoine ar fad ón gceantar máguaird a cailleadh taca an ama céanna le linn chogadh na Saoirse.

Ina measc bhí An tAthair Michéal Ó Gríofa as Gurteen, Pádraig Ó Lachtnáin as an Bheitheach, Anraoi Ó Lachtnáin as an Bheitheach,Tomás Ó hAogáin, Seán Ó hAnluain, Liam Ó Cuileannáin as an Turlach Mór agus Éilis Uí Choinn, Eileen Quinn agus a leanbh as an Gort. 

Mar gheall ar shrianta Covid-19, ní raibh ach cheithre scór dalta ón meánscoil in ann a bheith páirteach sa chomóradh 100 bliain inniu. 

Socraíodh físeán don ócáid, chomh maith le teachtaireachtaí speisialta ón Taoiseach agus imreoirí spóirt na Gaillimhe a thaispeáint don chuid eile do phobal Choláiste na Chláirín inniu.