Tá diúltaithe ag páirtithe an fhreasúra agus ag Teachtaí Dála Neamhspléacha do mholadh ón Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee go bhfreagródh sí ceisteanna maidir le proiséas ceapacháin Seamus Woulfe chun na Cúirte Uachtaraí, seachtain ón Mháirt, an chéad lá de mhí na Nollag.

Scrígh An tAire McEntee go dtí gach páirtí agus grúpa luath tráthnóna inniu agus mhol sí go bhfreagródh sí ceisteanna maidir leis an ábhar ar an 1ú Nollag ag 9.47 is d'oíche.

Faoin mholadh, bheadh ar Theachtaí Dála a gcuid ceisteanna a chur isteach roimh ré, faoi Dé Céadaoin na seachtaine seo chugainn an 25ú Samhain.

Deir siad nach féidir leo glacadh leis an gcur chuige atá molta ag an Aire McEntee.