Tuairiscítear go bhfuil an comhaontú maidir le todhchaí trádála na Ríochta Aontaithe agus an tAontas Eorpach, nach mór déanta. 

Fós fhéin, tá dhá chnámh spairne nach bhfuil réitithe fós, cúrsaí iascaireachta agus mar a réiteofar aighnis amach anseo.

Tá imní chomh maith nach mbeidh dóthain ama ann chun an próiseas a thabhairt chun críche roimh dheireadh na bliana.

Bheadh próiseas dian dlí a thógann roinnt mhaith ama chomh maith le daingniú i bParlaimint na hEorpa fós le cur i gcrích.

Tá imní ar roinnt bhallstáit nach dtiocfar ar chomhréiteach agus tá siad ag iarraidh pleananna a fhoilsiú sa chás sin.