Tá impí déanta ag Garda Cósta na hÉireann agus an RNLI ar shnámhaithe a bheith ana chúramach agus iad ag snámh sa bhfarraige. Tá foláireamh tugtha acu maidir leis an dainséar a bhaineann le bheith ag snámh sa bhfarraige, go háirithe an taca seo bliana.

Deir siad go bhfuil ardú tagtha ar líon na nglaochanna a fhaigtear chun teacht i gcabhair ar shnámhaithe a bhíonn ag snámh sa bhfarraige na laethanta seo. 

I ráiteas a éisíodh ar maidin, deir na heagraíochtaí gur tháinig ardú suntasach le roinnt seachtainí anuas ar líon na n-eachtraí a tharla maidir le daoine ag snámh sa bhfarraige. 

Le seachtain anuas, tharla 8 n-eachtra i gceantar Bhaile Átha Cliath/Chill Mhantáin agus tuairiscíodh roinnt eachtraí eile ar fud na tíre.

Deir na heagraíochtaí go mbíonn an chuid is mó do dhaoine a bhíonn ag snámh sa bhfarraige ana chúramach ach deir siad go bhfuil daoine eile, go háirithe daoine nach bhfuil taithí acu agus atá tosnaithe ag snámh sa bhfarraige le déanaí aineolach maidir leis na beartais shábháilteachta a d'fhéadfadh cabhrú leo fanacht slán sabháilte fad is a bhíonn siad ag snámh. 

Deir siad go bhfuil éileamh níos mó anois dá bharr ar sheirbhísí an Gharda Cósta agus an RNLI. 

Táthar ag moladh do dhaoine:

  • Tuar na haimsire a sheiceáil sula dtéann siad ag snámh agus tuiscint a bheith acu ar an dtionchar a d'fhéadfadh a bheith ag gaoth ard, taoidí agus sruthanna ar chúrsaí.
  • Gan dul ag snámh i d'aonair
  • Bí cinnte go bhfuil duine éigin leat atá in ann súil a choiméad ort ón gcladach
  • Dul ag snámh in áit go bhfuil foscadh ann 
  • Déan cinnte gur féidir tú a fheiceáil ón gcladach agus cuir caipín snámha geal ort féin
  • Má bhíonn tú in amhras faoi aon rud, ná téir ag snámh
  • Má fheiceann tú aon duine i dtrioblóid, cuir glaoch ar an uimhir 112 agus lorg an Garda Cósta