Tá leithscéal gafa ag láithreoirí agus bainisteoirí i Rannóg na Nuachta agus Cúrsaí Reatha in RTÉ i bhfianaise grianghraf atá foilsithe ina dtaispeántar iad ag seasamh taobh lena chéile agus gan scaradh sóisialta á chleachtadh i gceart. 

Foilsíodh roinnt íomhánna sna meáin a thaispeánann roinnt oibrithe in RTÉ ag seasamh taobh lena chéile le comhghleacaí dá gcuid ar a lá deireanach ag obair san eagraíocht.

I measc na láithreoirí a bhí i láthair ag an teacht le chéile agus le feiceáil sna pictiúir, bhí Bryan Dobson, David McCullagh agus Miriam O' Callaghan. Tá leithscéal gafa acu go léir faoin eachtra.

Dúirt an láithreoir Bryan Dobson gur léirigh an eachtra easpa breithiúnais óna thaobh san de agus ghabh sé leithscéal leo siúd ar fad atá ag fulaingt de bharr Covid-19.

Ghabh Stiúrthóir Bainistíochta Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ, Jon Williams leithscéal chomh maith. 

Dúirt sé go raibh an-áiféala air agus go raibh an méid a tharla mícheart. 

Tá athbhreithniú práinneach á lorg ag Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí faoin teacht le chéile don té a bhí ag éirí as in RTÉ.

Dúirt siad go bhfuil go leor ball dá gcuid ina RTÉ míshásta mar go bhfuil go leor leor oibre déanta ó thús na paindéime chun muinín an phobail a chothú agus, a dúirt siad, d'fhéadfadh an eachtra seo baint den mhuinín sin.