Ta srianta taistil Covid 19 tar éis borradh a chur fé ghnó beag i gCorca Dhuibhne.

Seolann Katharine Keane agus Thomas Barrett boscaí iontais de tháirgí atá lámhdhéanta in Éirinn go Meiriceá. Tá oiread éilimh ar na boscaí síntiúis go bhfuil a bpostanna fágtha ag na lánúin chun tabhairt féin ngnó nua ar bhonn lán-aimseartha.

Deir an lánúin go mb'éigean do mhórán Meiriceánach de shliocht Éireannach turasanna go hÉirinn a chur ar ceal i mbliana de dheasca srianta taistil Covid 19 ach go bhfuil fonn orthu ceangal a dhéanamh leis an dtír i slí éigin eile.

'My Ireland Box’ a tugtar ar an ngnó agus gach mí seoltar boscaí téamúil go dtí síntiúsóirí i Meiriceá. Deir Katharine Keane go bhfuil siad fíor-ghnóthach faoi láthair agus boscaí á n-ullmhú acu le haghaidh Thanksgiving agus na Nollag. 

Deir Thomas Barrett go gcabhraíonn an cur chuige leis na comhlachtaí beaga deantúsaíochta a sholáthraíonn tairgí dos na boscaí margadh níos leithne a aimsiú.