Beidh cead ag siopaí caife agus roinnt gnóanna ar nós gruaigairí oscailt arís i dTuaisceart Éireann inniu i ndiaidh do Fheidhmeannas Stormont cinneadh a dhéanamh an tseachtain seo caite roinnt Srianta Covid-19 a mhaolú ach ní mhairfidh sé sin i bhfad mar beidh orthu a ndoirse a dhúnadh arís Dé hAoine seo chugainn ar feadh coicíse in iarracht stop a chur leis an mbrú atá ar na seirbhísí sláinte sa Tuaisceart. 

Aréir d'aontaigh Feidhmeannas Stormont ar mholadh ó Aire Sláinte an Tuaiscirt Robin Swan srianta Covid-19 a chur i bhfeidhm arís go dtí an 11ú Nollaig.

Beidh ar mhiondíoltóirí, tithe tábhairne agus bialanna dúnadh ar an 27ú Samhain. Dúnfar ionaid aclaíochta agus siamsaíochta chomh maith. Fanfaidh scoileanna oscailte. 

Ceadaíodh na beartais agus foláireamh tugtha ag dochtúirí sinsearacha muna raghfar i mbun gnímh nach mbeadh na hospidéil sa Tuaisceart in ann deileáil leis an mbrú a bheadh orthu.

Tugadh le fios chomh maith go bhfuil an ráta R, ráta scaipithe an víris imithe in airde ó 0.7 go dtí 1 le seachtainí beaga anuas.