D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil ceathrar eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 429 cás nua ann. 

Fágann sé seo go bhfuil 2,010 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 69,473 duine ó thús na paindéime. 

Tugadh le fios freisin go bhfuil 290 duine in ospidéil ar fud na tíre le Covid-19, 33 acu in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 173 de na 429 cás nua, tá 44 cás i gCorcaigh, 26 i nDún na nGall, 22 i Lú, 21 i gCill Dara agus tá an 143 cás eile roinnte idir na contaetha eile. 

Dearbhaíodh tráthnóna chomh maith go bhfuil dáréag eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 487 cás nua ann. 

Fágann sé go bhfuil 901 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh ón earrach agus go bhfuil sé tolgtha ag 48,716 duine ann.

Tá 272 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, 41 acu in aonaid dianchúraim.