D'fhéadfadh cuid mhór iasc a bheith i mbaol in Abhainn na Moirne Bige i gCo Dhún na nGall de bharr sciorradh láibe a tharla ansin.

I gceantar na Míne Boige i ndeisceart an chontae a tharla an sciorradh seo tar éis do chlaíocha móna tabhairt uathu in aice le sruthán a ritheann isteach san abhainn.

Tuairiscítear go bhfuil feirm éisc sa chomharsanacht i mbaol de bharr na heachtra.

Tá an ollchomhlacht Amazon ag tógáil ionad ginte gaoithe sa cheantar.