Tá vótaí á gcomhaireamh i gcónaí i dtoghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe ach tá níos mó dóchais ag lucht Joe Biden i bhfianaise na dtorthaí is deireanaí gur leis a bheas an báire.
243 de na coláistí toghcháin atá ag Joe Biden faoi láthair, 214 atá ag Donald Trump. Is ag an té a gheobhas 270 coláste a bheas an bua.
Tá torthaí cúig stát fós le fógairt go fóill - Georgia, Nevada, North Carolina, Pennsylvania agus Wisconsin.
Ní mór do Joe Biden dhá cheann acu ar a laghad a bhuachan sular féidir leis dul a chónaí sa Teach Bán. Caithfidh Donald Trump ceithre cinn acu ar a laghad a thabhairt leis.
Thug lucht leanúna Biden le fios tráthnóna go gcreideann siad go mbéarfaidh siad leo Nevada, Pennsylvania agus Wisconsin.

An Teach Bán: mar a bhí nó ceann urra nua?
Níos túisce inniu, mhaígh Donald Trump gur bhuaigh sé go rábach.
I ráiteas eile ina dhiaidh sin, ámh, dúirt sé nach gceadófaí do na Daonlathaithe an toghchán "a ghoid."
Mhaígh Trump ina dhiaidh sin arís gur "calaois mhór" ar phobal Mheiriceá a bhí sa toghchán agus dúirt go bhfuil rún aige an scéal a chur faoi bhráid Chúirt Uachtarach na tíre.
Dúirt lucht Biden go bhfuil bagairt Trump toradh an toghcháin a chrosadh "ainspianta" agus "nár tharla a leithéid cheana."
De bharr go bhfuil anmhórán vótaí poist le comhaireamh i gcónaí, dealraíonn sé nach mbeidh toradh deireanach ann go ceann roinnt laethanta. D'fhéadfadh sé fós gur sa Chúirt Uachtarach a dhearbhófar an toradh.

Toradh an toghcháin ag brath ar vótaí poist
Na vótaí poist údar pléide Donald Trump, de réir dealraimh. Dar leis gurb iad faoi deara na "calaoise."
Deir saineolaithe toghchánaíochta, áfach, gur fíorannamh a bhíonn calaois ann agus go bhfuil an córas vótála poist seanbhunaithe i Meiriceá.
Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt leachtóir dlí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh - Larry Donnelly - gur cosúil gur Joe Biden a bhéarfas an chraobh leis ach gur fíorbheagán a bheas idir é agus Donald Trump.
Sna toghcháin eile, is cosúil go mbeidh móramh arís ag na Daonlathaithe i dTeach na nIonadaithe agus go gcoinneoidh na Poblachtaigh smacht ar an Seanad.