Tá fiosrúchán dúnmharaithe bunaithe ag na Gardaí i bhfianaise na scrúduithe iarbháis a rinneadh ar bhean agus a beirt chlainne a fuarthas marbh ina dteach cónaithe i mBaile Átha Cliath arú inné. 

Fuarthas corp Seema Banu, a bhí 37 bliain d'aois, chomh maith le corp a hiníne Asfira Syed, a bhí aon bhliain déag, agus corp a mic Faizan Syed, sé bliana, sa teach i gCúirt Llewellyn idir Ráth Fearnáin agus Baile an tSaoir. 

Tháinig na Gardaí ar na coirp tar éis do chomharsana an teaghlaigh fios a chur orthu.

Níl aon eolas faoi na scrúduithe iarbháis á eisiúint ag na Gardaí agus  tá an teach fós á scrúdú acu.