D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil seisear eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 772 cás nua ann. 

Fágann sé go bhfuil 1,908 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 61,059 duine ó thús na paindéime. 

Is i mBaile Átha Cliath atá 228 de na 772 cás nua, tá 120 cás i gCorcaigh, 50 sa Mhí, 41 i nDún na nGall, 41 i nGaillimh, agus tá an 292 cás eile roinnte idir na contaetha eile. 

Tá 64% de na cásanna nua faoi bhun 45 bliain.

Tugadh le fios freisin go bhfuil 325 duine san ospidéal le Covid-19, 42 acu san aonad dianchúraim.

Fógraíodh tráthnóna chomh maith go bhfuil naonúr eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 566 cás nua ann. 

Fágann sé go bhfuil 697 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh agus go bhfuil sé tolgtha ag 37,782 duine ann.