Fógraíodh inniu ciste nua €20 milliún d'eagraíochtaí a chuireann seirbhísí ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas. Bhí cuid de na heagraíochtaí a bhainfeas sochar as an maoiniú dúnta ar feadh scaithimh de bharr Covid-19 ach tá siad i mbun oibre arís anois. 

Airgead breise é seo ar an méid a fógraíodh sa Bhuiséad níos luaithe an mhí seo. 

Cuirfear deontais as an gciste ar fáil le haghaidh seisiúin bhreise teiripe, cúrsaí traenála agus athchóiriú foirgneamh. 

Ag tús na bliana, roinnt seachtainí roimh an olltoghchán, rinne an Rialtas ciorrú 1% ar an maoiniú a chuirtear ar fáil do na heagraíochtaí seo.

Bhí cuid de na heagraíochtaí fágtha ar an ngannchuid dá bharr, ach tugadh an maoniú ar ais nuair a bunaíodh Rialtas nua sa samhradh.