Tá fógra stoirme a bhfuil stádas flannbhuí leis eisithe ag Met Éireann agus luas suas le 130 ciliméadar san uair faoin ngaoth in áiteanna á thuar acu. 

Is iad Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge, Cill Chainnigh, Ceatharlach, Loch Garman agus Cill Mhantáin na tuatha is mó a bheas buailte ag an ngaoth mhór. 

Beidh feidhm leis an bhfógra stoirme idir 5 agus 10 a chlog ar maidin amárach.

Tá fógra flannbhuí eisithe freisin do chúig chontae eile cois Atlantaigh - Dún na nGall, Sligeach, Maigh Eo, Gaillimh agus an Clár. 

Tá fógra eile fós - a bhfuil stádas buí leis - eisithe don tír ar fad. Beidh feidhm leis an bhfógra seo idir 1 a chlog ar maidin agus 4 a chlog tráthnóna amárach.

Deir Met Éireann go bhféadfadh siotaí láidre gaoithe a bheith in áiteanna agus déanfaidh sé lá mór.