Tá an galar Covid-19 tolgtha ag os cionn 60,000 duine sa Stát ó bhí an chéad chás ann san earrach.

D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné go raibh seisear eile básaithe leis an ngalar agus go raibh 866 cás nua ann. 

Os a choinne sin, tá an ráta coicísiúil íslithe don tríú lá a chéile, de réir na bhfigiúirí is deireanaí  ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. 292 duine in aghaidh gach 100,000 a tholg an víreas le coicís. 

327 duine atá san ospidéal le Covid-19, 43 acu san aonad dianchúraim.

Ní raibh aon oiread daoine sna haonaid dianchúraim ó 28 Bealtaine, tráth a bhí 45 duine iontu.

Cuireadh 43 duine san ospidéal leis an ngalar ó inné agus scaoileadh 26 abhaile.