Tá an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge a d'fhoilsigh Foras na Gaeilge i gcaitheamh an tsamhraidh seolta go hoifigiúil ag Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins mar chuid d'Oireachtas na Samhna.

Is é an chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge é ó foilsíodh foclóir De Bhaldraithe trí scór bliain ó shin.

Tá 1,800 leathanach san fhoclóir nua ar leagan coimrithe é den Fhoclóir Béarla-Gaeilge atá le fáil ar an suíomh idirlín focloir.ie.

San fhoclóir clóite, tá

- 30,000 iontráil

- 85,000 aonad céille

- 200,000 frása agus abairt shamplach as Gaeilge

- forlíonadh mór stíle agus gramadaí.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt príomheagarthóir an fhoclóra Pádraig Ó Mianáin go raibh sé i gceist an leagan clóite a chur ar fáil faoi Cháisc i mbliana ach gur chuir an ghéarchéim sláinte moill ar chúrsaí.

Mar sin féin, a dúirt sé, thug an mhoill deis don fhoireann focail agus téarmaí nua a bhaineann leis an bpaindéim a chur leis an bhfoclóir. 

€30/£25 an praghas miondíola molta atá ar an leabhar.

Tá tionscadail eile foclóireachta idir lámha ag Foras na Gaeilge faoi láthair, agus súil acu foclóirí nua Gaeilge-Béarla agus Gaeilge-Gaeilge a chur ar fáil as seo go ceann roinnt blianta. 

Féach an tuairisc seo: