Fógraíodh tráthnóna go bhfuil seisear eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 866 cás nua ann. 

Fágann sé go bhfuil 1,902 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 60,297 duine ó thús na paindéime. 

Is i mBaile Átha Cliath atá 242 de na 866 cás nua, tá 166 cás i gCorcaigh, 56 i nDún na nGall, 54 i nGaillimh, 44 sa Mhí agus tá na 304 cás eile roinnte idir 20 contae eile. 

Tá 63% de na cásanna nua faoi bhun 45 bliain.

Tugadh le fios freisin go bhfuil 330 duine san ospidéal le Covid-19, 43 acu san aonad dianchúraim.

Dearbhaíodh tráthnóna chomh maith go bhfuil ochtar eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 822 cás nua ann. 

Fágann sé go bhfuil 688 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh agus go bhfuil sé tolgtha ag 37,216 duine ann.