Tá Elisha McCallion ó Shinn Féin éirithe as an Seanad i bhfianaise conspóide faoi íocaíochtaí Covid-19 a tugadh d'oifigí an pháirtí sa Tuaisceart. Tá beirt ionadaithe eile ó Shinn Féin éirithe as a gcuid dualgas chomh maith. 

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur éirigh an triúr as mar gheall nach raibh na hoifigí i dteideal na ndeontas.

Thug Mary Lou McDonald le fios go raibh an Seanadóir McCallion agus an bheirt eile freagrach as cuntais na n-oifigí sin agus gur cheart an t-airgead a bheith tugtha ar ais acu.

Baill den pháirtí in Ard Mhacha agus i dTír Eoghain atá sa bheirt eile. 

Dúirt Mary Lou McDonald gur scéal tromchúiseach a bhí ann agus ghabh sí leithscéal faoi iompar an triúir. 

I ráiteas, ghabh Elisha McCallion a leithscéal freisin agus dúirt sí nár iarr sí an t-airgead agus nach bhfuair sin aon chomhfhreagras faoi ón Roinn Eacnamaíochta ó thuaidh. 

Mar sin féin, a dúirt sí, ba chóra di an scéal a fhiosrú sular tarraingíodh a haird air Dé Luain seo caite. 

Íocadh an t-airgead ar fad ar ais Dé Máirt, a dúirt sí.  

Beidh fothoghchán Seanaid ann le suíochán Elisha McCallion a líonadh.