Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, ciontaíodh fear 36 bliain d'aois i ndúnmharú a pháirtí i mBaile Átha Cliath dhá bhliain ó shin.

Mharaigh Seán Nolan, as Bóthar na hUaimhe i mBaile Átha Cliath, Amanda Carroll, 33 bliain, ina teach cónaithe ar Bhóthar an Choiréil sa Chabrach 21 Deireadh Fómhair 2018. Is amhlaidh gur tachtadh í. 

Tháinig a mac sé bliana déag ar a corp ina seomra codlata an lá dar gcionn. 

Dúradh sa triail go raibh caidreamh achrannach ag an mbeirt le chéile. 

Bhí an bheirt acu ag ól go trom an lá ar maraíodh Amanda Carroll.

Seán Nolan

Bhí Seán Nolan gafa ag na Gardaí níos luaithe an lá sin tar éis don charr a bhí sé a thiomáint imeacht den bhóthar. 

D'admhaigh Seán Nolan gur mharaigh sé Amanda Carroll ach mhaígh sé gur de thaisme é.

Ní raibh aon ghlacadh ag an ionchúiseamh ná ag an ngiúiré lena mhaíomh, áfach. 

Cuireadh Seán Nolan siar faoi choinneáil go dtí Dé Céadaoin seo chugainn, tráth a ghearrfar príosún saoil air de réir mar a shainordaítear i gcásanna dúnmharaithe.