Sa Fhrainc, maraíodh triúr agus gortaíodh roinnt eile nuair a thug fear a raibh scian aige fogha faoi dhaoine i séipéal i gcathair Nice i ndeisceart na tíre.

Dúirt méara na cathrach gur ionsaí sceimhlitheoireachta a bhí ann. 

Tuigtear go bhfuil bardach an tséipéil ar dhuine de na mairbh. 

Tuairiscítear freisin gur baineadh an ceann de dhuine eile - bean - agus gur bhásaigh bean eile tar éis di teitheadh ón séipéal agus tearmann a lorg i mbeár trasna an bhóthair. 

Ní raibh Aifreann ar siúl sa séipéal ag an am.

Chaith agus ghabh na póilíní fear na scine. Tuairiscítear gur fear 21 bliain as an Túinéis é nach raibh ach cúpla seachtain tagtha go dtí an Fhrainc.

Tharla an t-ionsaí sa cheantar siopadóireachta i lár Nice.