Fógraíodh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ag searmanas ar líne aréir. 

Bronnadh an gradam do Shraith Raidió na Bliana ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is é Seán Mac an tSíthigh, ó Nuacht RTÉ agus TG4, a bhuaigh an gradam d'Iriseoir na Bliana. 

An clár Uchtú: Evanne Ní Chuilinn a fuair an gradam do Chlár Teilifíse na Bliana.

Bronnadh Pearsa Raidió na Bliana ar Áine Ní Bhreisleáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga, agus Pearsa Teilifíse na Bliana ar Eoghan McDermott ó TG4.

Bronnadh an gradam d'Fheachtas Meán Sóisialta na Bliana ar #IsDeontóirMé de chuid Chlann Mhic Gabhann.

Arracht le Macalla Teoranta a bhuaigh an gradam do Scannán na Bliana.

Tá an gradam do Chlár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail faighte ag Aon Scéal? ar Phoenix FM.

Ruaille Buaille ar Raidió Highland a bhuaigh an gradam do Chlár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail Tráchtála agus An Bhoirinn le Phoenix Films a fuair an gradam do Shraith Teilifíse na Bliana.

Is í Helen Ní Shé, RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall, a bhuaigh an gradam do Chraoltóir Solabhartha na Bliana. 

Is í Máire-Bríd Ní Chualáin, ó RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, a bhuaigh an gradam do Réalta Óg na Bliana. 

Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar  Áine Ní Churráin a chaith os cionn 40 bliain ag obair i Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga.