Tá na Gardaí ag leanacht lena bhfiosruithe faoi bhás mná agus a beirt chlainne a fuarthas marbh ina dteach cónaithe i ndeisceart Bhaile Átha Cliath inné.

Fuarthas corp Seema Banu, a bhí 37 bliain d'aois, chomh maith le corp a hiníne Asfira Syed, a bhí aon bhliain déag, agus corp a mic Faizan Syed, sé bliana, sa teach i gCúirt Llewellyn gar do Bhaile an tSaoir ar maidin inné. 

Is iad na Gardaí a tháinig ar na coirp tar éis do chomharsana an teaghlaigh fios a chur orthu.

Deir na Gardaí cé go bhfuil fiosrúchán coiriúil ar bun acu nach bhfuil aon mhíniú acu fós ar céard ba thrúig bháis don triúr. 

Deir siad go mbunóidh siad an fiosrúchán ar thorthaí na scrúduithe iarbháis. 

Tá na Gardaí ag labhairt le céile Seema Banu, arb é athair na leanaí é freisin, ach deirtear go bhfuil sé go mór trína chéile agus go bhfuil cóir leighis á cur air faoi láthair.