Fuarthas beart bileog ar chorp duine den triúr ón teaghlach céanna a maraíodh de bharr a gcaite ar fheirm in aice le Ceann Toirc i gCo Chorcaí arú inné.

Tá an méid atá scríofa sna bileoga á scrúdú ag na Gardaí agus iad ag féachaint le meabhair a bhaint as ar tharla. Tuigtear gur thart ar dhosaen bileog atá i gceist. 

Ba iad Tadhg O'Sullivan, 59 bliain d'aois, agus a bheirt mhac, Mark agus Diarmuid, a bhí 26 agus 23, an triúr a bhásaigh ar fheirm an teaghlaigh in Áth Solas.

Bhí na bileoga ag Diarmuid O'Sullivan ar fritheadh a chorp agus corp a athar taobh le chéile i bpáirc 500 méadar óna dteach. 

Fritheadh corp Mark O'Sullivan i seomra codlata sa teach. 

Tá na Gardaí ag fiosrú arbh amhlaidh gur mharaigh an bheirt a fuarthas sa pháirc an duine eile sular chuir siad lámh ina mbás féin. 

Fuarthas dhá raidhfil sa pháirc agus tá scrúdú dlí-eolaíochta á ndéanamh orthu ag saineolaithe na nGardaí.

Is cosúil gur aighneas faoi thalamh a fhágáil le huacht ba chionsiocair leis an ár. 

Rinneadh scrúduithe iarbháis inné ar choirp bheirt den triúr - Tadhg agus Diarmuid - agus tá scrúdú iarbháis le déanamh ar chorp Mark inniu.