D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil cúigear eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 720 cás nua ann. 

Fágann sé go bhfuil 1,890 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 58,767 duine ó thús na paindéime. 

Is i mBaile Átha Cliath atá 228 de na 720 cás nua, tá 130 cás i gCorcaigh, 47 i nGaillimh, 31 sa Mhí, 27 i Luimneach agus tá an 257 cás eile roinnte idir 20 contae eile. 

Tá 65% de na cásanna nua faoi bhun 45 bliain.

Fógraíodh chomh maith go bhfuil Covid-19 tolgtha ag 307.6 duine in aghaidh gach 100,000 sa tír le coicís. 

Is sa Chabhán atá an ráta coicísiúil is airde, airm a bhfuil an aicíd tolgtha ag 962.2 duine in aghaidh gach 100,000.

Sa Mhí (662.2) agus i Sligeach (439.5) atá an ratá is airde ina dhiaidh sin. 

Is i dTiobraid Árann (133.5), i gCill Mhantáin (142.5) agus i gCill Chainningh (175.3) atá an ráta coicísiúil is ísle.

Dearbhaíodh níos túisce inniu go bhfuil trí dhuine dhéag eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 722 cás nua ann.

Fágann sé go bhfuil 671 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh agus go bhfuil sé tolgtha ag 35,554 duine ann.